Comóradh Shéamas Uí Cheallaigh

Beidh comóradh ag deireadh Samhain 2018 de 100 bliain ó maraíodh an file agus scríbhneoir áitiúil, Séamas Ó Ceallaigh i Sráid Fhearchair, i mBaile Átha Cliath. Údar, file, poblachtanach ab ea é, agus ionsaíodh agus bualadh Ó Ceallaigh ag grúpa dílseoirí agus saighdiúirí d’Arm na Breataine nuair a rinne siad ruathar ar oifigí Shinn Féin ag ‘ceiliúradh’ deireadh an Chogaidh Dhomhanda.

Imeasc a shaothair Bhéarla agus Ghaeilge tá dráma gairid, Mac na Mná Déirce a foilsodh sa seanchló Ghaelach. Tá foireann oibrithe deonacha Gaeilge Locha Riach ag tabhairt faoin leabhar a athchlóscríobh i láthair na huaire, le leagan dílis de shaothar Uí Cheallaigh a chur ar fáil agus ard dóchas ag Gaeilge ocha Riach go dtiocfaidh ‘Aisteoirí Aon Oíche ‘ le chéile arís i mbliana leis an dráma a chur ar ardán.

28058361_1777382635659087_8891158203760141826_n

Clúdach Mac na Mná Déirce

© Gaeilge Locha Riach 2018